Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

News & Events

Beidh Aonach Amárach returns for its 4th series



Date Posted: March 16, 2022

The popular Irish Language Broadcast Fund agricultural show, Beidh Aonach Amárach, returns for its 4th series on Wednesday 23rd March at 8:30pm on TG4 and Monday 11th April at 10pm on BBC Two Northern Ireland. The series was produced by Strident Media for BBC Gaeilge and TG4.

With 140 agricultural shows across Ireland, this scene is hugely popular with competitors and spectators. Every year thousands of people spend months of preparation before travelling the country to take part in the competitions every weekend.

Throughout 2021 cameras and crews have been capturing the stories of the people of all ages and backgrounds who vie for the top spots in an amazing range of competitions. We see competitors giving everything to be Best in Show – from cattle to cakes, sheep-shearing to basket weaving, show-jumping to new technology, not forgetting the best vegetables, dog agility, art and craft.

The series travels to shows throughout the country including a pedigree sheep show in Wicklow, a dog show in Co. Mayo, Balmoral Show and the Kilmacanogue Horse show. We learn about the Connemara Pony show scene and we follow the organisers and competitors of the Mín na Croise ‘Virtual’ Show.

This is a lively, perceptive and entertaining lightly formatted factual entertainment series about show-people – their remarkable personalities, talents, brains, rivalries, trade secrets, skills and stories. What does it take to be a prize-winner? To be the best?

Travelling to the most beautiful parts of our island, with beautifully directed sequences to set the scene and ultimately take the viewer into the world of the rosette winners.

Viewers learn that showing, be it animal or vegetable, can be a family tradition. The families look at their long association with this world – where they won their first rosette, where in the world they have travelled to in their pursuit of the red ribbon, how they have progressed – or not – as the case may be.

Beidh Aonach Amárach was produced and directed by Bernadette Morris and was Executive Produced by Mairéad Ní Nuadháin and Kelda Crawford-McCann for Strident Media; Áine Walsh for Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund; Deirbhile Ní Churraighín for TG4 and Karen Kirby for BBC Northern Ireland.


Beidh Aonach Amárach ar ais den cheathrú séasúr

Tá sraith aitheanta seó talmhaíochta de chuid an Chiste Craoltóireachta Gaeilge Beidh Aonach Amárach ar ais den cheathrú séasúr Dé Céadaoin 23ú Márta ag 8.30.i.n ar TG4 agus Dé Luain 11ú Aibreán ag 10.00.i.n. ar BBC Two Northern Ireland. Ba léiriú de chuid Strident Media í an tsraith seo a bhéas le feiceáil ar TG4 agus BBC Gaeilge.

Cuid lárnach de shaol na tuaithe é an seó talmhaíochta. Bíonn os cionn 140 díobh ann gach uile bhliain in Éirinn. Is breá le gach duine iad, idir iomaitheoirí agus lucht féachana. Gach bliain caitheann daoine an t-uafás ama ag réiteach a gcuid ainmhithe agus a gcuid earraí lámhdhéanta sula mbuaileann siad bóthar chuig an aonach.

I rith na bliana 2021, bhí foireann teilifíse Beidh Aonach Amárach ag bailiú na scéalta faoi na daoine díograiseacha sin a dhíríonn a n-aird ar na duaiseanna agus ar na ribíní dearga tábhachtacha sin. Thugamar cuairt ar fheirmeoirí caorach agus eallach, ar lucht na madraí aclaí, ar na báicéirí, na seodóirí, na caoladóirí agus iomaitheoirí eile a choinnigh orthu i rith an ama, bídís sa chomórtas nó ná bíodh.

Beidh an tsraith ag taisteal ar fud na hÉireann – chuig seó na gcaorach i gCill Mhantáin, seó na madraí i gCo. Mhaigh Eo, Balmoral agus seó na gcapall i gCill Mocheanóg. Beidh clár ann faoi chapaillíní Chonamara agus feicfimid seó ‘fíorúil’ i Mín na Croise i dTír Chonaill.

Sraith theilifíse sé chlár spraíúil, taitneamhach í seo a léireoidh saol na ndaoine sin a bhfuil paisean ar leith acu don saol faoin tuath agus don cheardaíocht. Inseofar a gcuid scéalta agus feicfimid an dua a chaitheann siad lena gcuid caitheamh aimsire agus lena gcuid oibre feirme.

Le radhairc tharraingteacha, ainmhithe ar ardchaighdeán, scannánaíocht dhraíochtúil, agus scéalta nár insíodh cheana, is sraith í seo a mbeidh fonn ar dhaoine suí síos le cupán tae chun taitneamh a bhaint aisti.

Is í Bernadette Morris a léirigh agus a stiúir an tsraith agus is iad a leanas na léiritheoirí feidhmeacha: Kelda Crawford McCann agus Mairéad Ní Nuadháin do Strident Media; Karen Kirby do BBC NI; Áine Walsh don CCG agus Deirbhile Ní Churraighín do TG4.

© 2025 Northern Ireland Screen. All Rights Reserved