Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

Boosting Our Economy - Celebrating Our Culture - Enhancing Our Children's Education

News & Events

Opry Dhoire Tuesdays at 9.30pm on TG4



Date Posted: November 3, 2017

Join the King of country music, Daniel O’Donnell and his co-host Lynette Fay for a wonderful night of country music and craic on Opry Dhoire, Tuesdays at 9.30pm on TG4. The sixth series of this popular Irish Language Broadcast Fund production kicks off with a very special tribute show to Larry Cunningham on Tuesday 7th November. Recorded in front of a live audience Opry Dhoire brings the essence of Nashville’s Grand Ole Opry to Derry.

Philomena Begley, Hugo Duncan, Declan Nerney and Mike Denver come together on stage to celebrate Larry Cunningham’s life, achievements and his contribution to Irish country music throughout his long career, joined by members of the Cunningham Family. Patrick Connolly joins us as our Irish language musician, dueting with Declan Nerney.

In show 2, Daniel is joined by the latest Country Sensations – Ben Troy, Grainne Gavigan, Richie Remo, Shane Owens and Jordan Mogey.  Grainne Gavigan joins Emma Ní Fhíoruisce for a wonderful rendition of ‘Songbird’ as Gaeilge and also entertains the audience with her solo Irish songs.

Episode 3 celebrates Mick Flavin’s 30 years in country music. He is joined by special guest Mary Duff and Caitríona Ní Cheannabháin returns to the Opry stage to duet with Mick and perform some of her favourite songs in Irish.

Una Healy (of Saturdays fame) gets back to her country roots performing tracks from her new country album The Waiting Game. Moya Brennan of Clannad also joins Una on stage to perform Pill a Rún ó and Una and Daniel perform a very special duet.

John McNicholl and Niamh Lynn team up for episode 5 of the series, sharing the stage they perform country classics. They are joined by special guest Ciara McCrickard for a moving performance of Óró sé do bheatha ‘bhaile.

There is also a special episode ‘Opry with the Stars’ – featuring Susan McCann, Frankie McBride, Brian Coll and the legendary Dickie Rock. The stars perform much loved country songs and Seoirse Ó Dochartaigh joins them on stage to perform as Gaeilge.

The Opry Dhoire series ends with the Big Tom show starring the legendary Tom McBride himself.  This special show will be broadcast on St. Stephen’s night – 26th December. Big Tom performs some of his greatest hits such as Gentle Mother, Texas when I die and Four Country Roads. Kayla McDonagh will be appearing as Big Tom’s special guest.

Each episode in the Opry series sees the main artist perform a selection of their greatest hits, new exclusive material and some very special duets and collaborations.  Each episode features an Irish-language duet with a well-known traditional singer.

Daniel O’Donnell duets with the country artists and performs some of his own best-loved hits ‘as Gaeilge’.  Daniel said: “It was a privilege to present the Opry Dhoire this year. We had a wonderful welcome from everybody in the Millennium Forum. I’m sure you’ll enjoy every show with singers that span the decades from the 60’s right up the present day. ”

Opry Dhoire is produced by Big Mountain Productions for TG4 with funding from Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund.


Opry Dhoire gach Máirt ag 9:30 ar TG4

Caith seal i gcuideachta Daniel O’Donnell, Rí an cheoil tíre agus Lynette Fay a chomhláithreoir d’oíche mhór cuideachta agus ceoil tíre ar Opry Dhoire, gach Máirt ag 9.30i.n. ar TG4. Is i gcuimhne ar Larry Cunningham a chuirfear tús leis an séú sraith seo de chuid an Chiste Craoltóireachta Gaeilge ar an Mháirt 7 Samhain. Taifeadadh Opry Dhoire i láthair lucht féachana beo agus tugtar croí Grand Ole Opry de chuid Nashville go Doire.

Déanfaidh Philomena Begley, Hugo Duncan, Declan Nerney agus Mike Denver ceiliúradh ar shaol agus ar éachtaí Larry Cunningham i gcuideachta baill de chuid theaghlach Cunningham. Canfaidh Patrick Connolly cúpla amhrán as Gaeilge agus é ag seinm dísréid le Declan Nerney.

I gclár 2, tagann Daniel agus na réaltaí óga le chéile – Ben Troy, Grainne Gavigan, Richie Remo, Shane Owens agus Jordan Mogey.  Beidh Gráinne Gavigan i gcuideachta Emma Ní Fhíoruisce agus iad ag canadh leagan thar barr de ‘Songbird’ as Gaeilge le chéile.

Tá Mick Flavin le feiceáil ar chlár 3 agus é ag ceiliúradh 30 bliain i mbun a cheirde. Chomh maith leis seo tá Mary Duff ar an chlár mar aoi speisialta agus filleann Caitríona Ní Cheannabháin ar stáitse Opry chun amhrán a canadh le Mick Flavin agus chun cuid de na hamhráin is fearr léi a chanadh as Gaeilge.

Filleann Una Healy (de chuid The Saturdays) ar a fréamhacha ceoil tíre le hamhráin óna halbam nua ‘The Waiting Game’ a chanadh. Beidh Moya Brennan ó Clannad ar an stáitse chomh maith agus í ag rá Pill a Rún ó le hUna agus déanann Una agus Daniel amhrán an-speisialta le chéile.

Tagann John McNicholl agus Niamh Lynn le chéile le haghaidh chlár 5 den tsraith. Casfaidh siad réimse d’amhráin cháiliúla cheoil tíre. Beidh Ciara McCrickard ina gcuideachta chun leagan iontach de ‘Óró sé do bheatha ‘bhaile’ a chanadh.

Is clár speisialta é ‘Opry with the Stars’ – ina mbeidh Susan McCann, Frankie McBride, Brian Coll agus an ceoltóir iomráiteach, Dickie Rock, le feiceáil. Beidh go leor amhráin cháiliúla cheoil tíre le cloisteáil i rith an chláir agus beidh Seoirse Ó Dochartaigh ar stáitse agus é ag canadh amhráin Ghaeilge.

Cuirtear bailchríoch ar Opry Dhoire le seó Big Tom agus Tom McBride é féin ina aoi ag an chlár. Craolfar an clár seo oíche Fhéile Stiofán – 26 Nollaig. Canfaidh sé cuid dá chuid amhrán is cáiliúla, Gentle Mother, Texas when I die agus Four Country Roads ina measc. Beidh Kayla McDonagh ar an chlár mar aoi speisialta ag Big Tom.

I ngach clár de chuid Opry sa tsraith seo, beidh na príomhcheoltóirí ag ceol réimse de na hamhráin is cáiliúla acu, amhráin nua agus go leor díséad an–speisialta ar fad le ceoltóirí tíre eile. Beidh díséad le feiceáil le gach amhránaí Gaeilge le ceoltóir traidisiúnta mór le rá.

Le linn na sraithe beidh Daniel O’Donnell ag casadh ceoil le ceoltóirí tíre agus beidh sé ag canadh cuid de na hamhráin is fearr leis as Gaeilge. Arsa Daniel, “Ba mhór an onóir dom Opry Dhoire a chur i láthair i mbliana. Cuireadh fáilte mhór chroíúil romhainn sa Millennium Forum. Tá mé cinnte de go mbainfidh sibh sult as gach clár agus amhránaithe le feiceáil ó na 60í anall.”

Is léiriú de chuid Big Mountain Productions do TG4 é Opry Dhoire, agus é maoinithe ag an Chiste Craoltóireachta Gaeilge.

© 2025 Northern Ireland Screen. All Rights Reserved